Táibléad Chairmil (#13839)

Táibléad Chairmil
Go dtugtar an uile Ghlóir don Lá seo, an Lá ar scaipeadh boladh cumhra na trócaire ar an gcruthaitheacht go léir, Lá chomh beannaithe sin nach bhfuil de chumas ag réanna agus aoiseanna a tháinig roimhe dul i gcomórtas leis, Lá ar iompaigh gnúis Shinsear na Laetha i dtreo a shuí choisreactha. Leis sin chualathas glórtha na cruthaitheachta go léir agus lastall díobh glórtha an tSlua Neamhaí ag glaoch os ard: ‘Deifrigh leat, a Chairmil, óir, féach! tá solas ghnúis Dé,
Rialóir Ríocht na nAinmneacha agus Dealbhóir neimhe tar éis éirí os do chionn’.  
Thit sí i néal lúcháire agus, ag glaoch os ard di, is é a dúirt: ‘Go ndéantar mo bheatha a íobairt ar do shonsa de bhrí go bhfuil tú tar éis dearcadh ormsa, caitheamh liom go fial agus do choiscéim a dhíriú ionsorm. Is geall é mo dhealú leat, a Fhoinse na beatha síoraí, le gan dé a bheith fanta ionam agus, as siocair mé a bheith in imigéin ó do láthair, is loiscthe, dóite é m’anam. Gach moladh leat gur chuir tú ar mo chumas cluas a thabhairt do do ghairm, gur bhronn tú d’onóir orm teacht de choiscéim chugam, agus go ndearna tú m’anam a athbheo trí bholadh cumhra slánaithe do Lae agus trí ghlór corraitheach do Phinn, an Peann úd a d’órdaigh tú a bheith ina bhlosc trumpa i measc do phobail. Agus ar don chlog an uair úd a bhualadh a raibh sé i ndán do do chreideamh dochloíte a theacht i láthair, chuir tú anáil de do spiorad i do Pheann agus féach! chuaigh an chruthaitheacht go léir ar crith ó bhonn go barr, agus í ag nochtadh don chine daonna na rúndiamhra úd a bhí ceilte i maoinchistí an Té arb é Sealbhóir an uile ní é.’
Ní túisce a shroich a glór an Ball ro-ardaithe sin ná thug sinn de fhreagra uirthi: ‘Gabh buíochas le do Thiarna, a Chairmil. Bhí tine do dhealaithe liom do d’ídiú go dian nó gur éirigh aigéan mo Láithreach mar thonn mhór os comhair d’aghaidhe, ag cur áthais ar do shúile agus ar shúile an uile chréatúir, agus ag líonadh le lúcháir gach aon ní idir infheicthe agus dhofheicthe. Déan gáirdeachas mar tá Dia sa Lá seo tar éis a ríchathaoir a shuíomh ortsa, agus láthair nochta a chuid iontas agus réalt maidine fhianaise a Thaispeánta a dhéanamh díot. Is méanar don duine a théann timpeall ort, a fhógraíonn taispeánadh do ghlóire agus a thugann cuntas ar an méid a bhronn do Thiarna Dé go frasach ort. Beir ar Chailís na Beatha Síoraí in ainm do Thiarna, an tUile-Ghlórmhar agus gabh buíochas leis de bhrí go ndearna sé, mar chomhartha ar a thrócaire ort, ábhar áthais de do chumha agus gur athraigh do léan go haoibhneas lúcháireach. Tá grá aige, go deimhin, ar an mball a bhfuil suíomh a ríchathaoireach déanta de, ar shiúil sé de choiscéim air, ar bhronn a láthair onóir air, ar thóg sé a ghairm air agus ar ar shil sé na deora.
‘Glaoigh os ard ar Shión, a Chairmil, agus déan an dea-scéala a fhógairt: tá an Té a bhí ceilte ar shúile daoine daonna tagtha. Tá a cheannas do-choscrach tugtha chun solais; tá a niamhracht uileláithreach nochta. Seachain ar eagla go ndéanfaidh tú moill nó stad. Tar amach de dheifir agus gabh timpeall ar Chathair Dé atá tagtha anuas ó neamh, an Ca’ba neamhaí ar a ndeachaigh an dream is ansa le Dia timpeall, muintir an chroí ghlain, is iad á adhradh, mar aon le compántas na n-aingeal ró-ardaithe. Uch! is mór m’fhonn dul ag fógairt do gach ball ar dhromchla an domhain dea-scéala an Taispeánta seo agus é a bhreith liom chuig a chathracha ar fad: seo é an Taispeánadh atá tar éis croí Shíoná a mhealladh chuige agus a bhfuil an Tom Lasrach  ag glaoch os ard ina ainm: ‘Is le Dia, Tiarna na dTiarnaí ríochtaí talún agus neimhe.’ Go deimhin is é seo an Lá a bhfuil áthas curtha ar thír agus ar mhuir de bharr ar fógraíodh dóibh, an Lá ar caomhnaíodh dó na nithe úd atá ina rún ag Dia, trí fhlaithiúlacht atá os cionn thuiscint intinn nó croí an duine, a nochtadh. Roimh i bhfad seolfaidh Dia a áirc ort agus déanfaidh taispeánadh ar phobal úd Bhahá ar tráchtadh orthu i Leabhar na nAinmneacha.’
 
Beannú do Thiarna an uile dhuine a chuirtear gach aon adamh ar thalamh ag gluaiseacht ach a ainm a lua agus a thagann fonn ar Theanga na Maorgachta an méid a bhí folaithe i maoinchiste a nirt a léiriú. Is é, go deimhin, trí éifeacht a ainm, an Neartmhar, an tUileChumhachtach, an Ró-Ard, Rialóir na n-uile ar neamh agus ar talamh.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

